Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Go bhfaghaimis sagart na cúile báine
A d'imthigh aréir nach bhfilleadh go h-éag
Mar tá sé i Loch Éirne Báidhte.
IV
Tá Condae Mhuigheo faoi Liathrom go deo,
Ó Éailleadh an t-aon mhach Seoigheach
Is go gcuirfeadh sé bród ar aon duine beo
A d'fheicfeadh é ins an éadach dé Domhnaigh
Chuireadh sé scála air ag dul ins an gcré
Is go ngeobhfadh sé fáilte ó Críosta
Cuireadh sé ar an eolas an t-é nach mbeadh cóir
Is múineadh sé an treoir go díreach.
V
Niorbh iongnamh liom féin da lasadh an t-aer
Is na réalta chomh dubh leis an Áirne
An dealleadh ó'n ngréin is an ghealach í féin
O cailleadh ceann paróiste na h-áite.
Paidir is cre an da asbal deag
I n-onóir do rí na ngrásta.
Gan sinn a dul i gcré go minightear sgéal
Ar shagart na Cúile Báinc.