Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní bhíodh ag cuid de na daoine ach dhá bhéíle san ló agus bhíodh trí beile ag cuid eile. An bricfeasta agus an dinneár an t-ainm a bhíodh ar an dá cheann, agus an suipéar an t-ainm a bhíodh ar an gceann eile.Bhíodh fataí ag cuid de na daoine ag an mbricfeasta agus uaireannta bhíodh ortha na fataí a bhaint, agus a nigheacháin, agus a bhruith roimh a mbricfeasta.Bhí fear ar an gCeathramhadh Garbh fadó agus sé an t-ainm a bhí air, Micheál Ó Flaithbheartaigh agus bhíodh ualach raithnighe bainte aige sul a n-itheadh sé a bhricfeasta gach lá.Uaireannta bhíodh leite acu le h-aghaidh an bhricfeasta. Théígheadh fear a' tighe nó bean a' tighe amahc chuig an chruach coirce agus thugaidís isteach punann nó cúpla punann coirce agus bhuailidís é chun an gráin a bhaint as. Annsin mheillidís é le bróínte agus bhíodh leite déanta de ag fear a' tighe nó bean a tighe sul a n-éirigheadh an chuid eile de'n liont-tighe.Bhí fear ar an mbaile seo fado ariamh agus bhí fear eile i n-a chomhnuidhe i nDuachta,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe