Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh go leor sean-bhóíthre ann fadó acht níl mórán acú ann anois mar deineadh bóíthre nua ina n-áít.Bhí sean-bhóthar ag dul suas go BARR CNUIC an DÚN ague deir na sean-daoine gur b'é an fáth a cuireadh an bóthar sin ann mar bhíódh na daoine ag tabhairt suas cuirp ann agus ghá gcuir ann, aon duine nár mhaith leis bheith curtha in-aice an tseipéil protastúnach sa nDún.Bhí bóthar ag dul suas go BÁRR CNUIC atá i gCURRÁN i n-aice le Uachtarárd agus sé an t-ainm a tugtaoi air BÓTHAR an GABHAIR mar ní raibh aon duine i n-ann dul suas ann acht amháin aon duine a bhíodh gnaithe mór aige ann, agus a bheadh fhios aige go gcaithfeadh sé dul ann.
BÓTHAR MHÓIN an LOCHASin bóthar atá ag dul isteach chuig na portaigh. Deineadh é i n-aimsir an Ghorta.
BÓTHAR SEAN-MHÁIMDeineadh é timpeall ceithre sgór blian ó shoin. Aithghiorra é treasna an cnuic go Duachta agus Cruimlinn. Tá na daoine ag ceapadh gur san am a bhí péin-dlighthe ar chreideamh a deineadh an bóthar seo mar bhí go leor tighthe beaga i gcnoc Duachta chun an Aifreann a léígheamh ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Droim Snámha, Co. na Gaillimhe