School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 492
- XML “Filí an Bhaile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an t-ainm a tugtaoi air "An Tailliúir". Bhí sé n-a chomhnuidhe le n-a dhaoine muintearach, na Béarthaigh, agus sé an chaoi a chaitheadh sé a chuid aimsire ag cumadh amhrán. Cailleadh é sa mbliain 1935, ach níor chum sé, nó níor sgríobh sé aon amhrán a dó nó a trí de bhlianta sul a fuair sé bás mar chaill sé radharc a shúl. Bhí sé 89 bliana d'aois nuair a cailleadh é. Bhí beárla agus gaedhilge aige. Amhráin greanmhara a bhíodh dhá chuma aige, mar duine greanmhar a bhí ann féin.Bhí file i n-a chomhnuidhe i gCruimlinn, i n-aice le Cornamóna darb'ainm Tomás Ó Dubhthaigh. Rinne sé amhrán maith "Séamus Sheáin Liath." Ní raibh aon duine dá mhuintir roimh e in a bhfilí agus ní raibh aon fhilidheacht aige ó dhuthchas. Theigheadh Micheál Mac Suibhne thart annseo ar lorg rudaí a bheadh sé i n-ann amhrán maith a dheanamh faoi.Bhí triúr eile ag dul thart darbh ainm Micheál Ó Ciarán as Chill Bhrighde, Tomás Ó Cadhain as Gleann Glais agus Cathal Ó Fionnachtaigh as Rosmuc. Bhí filidheacht ag Micheál Ó Ciarán ó dhuthchas agus deirtear go ndearna sé amhráin breágh, ach níl aon cheann ag na daoine thart annseo. Dó b'é Tomás Ó Cadhain do chum "Amhrán na Soupers."P. Ó Droighneáin, Ceathramhadh Garbh
- Informant
- Pádraig Ó Droigneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe