School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
Carrowgarriff, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin

Filter stories

Back
/ 562 Forward
Resolution: Low | High
Féilte na Bliana

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 517

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Féilí na bliana
Lá ‘le brighde- Fadó téigheadh na daoine boctha thart agus bhídís ag dul isteach agus amach faoi crois Bhrighde trí h-uaire i ngach teiach agus tugadh na daoine airgead dóibh mar sin é an slighe beatha a bhí acu. Bhídís ag imirt go leor cluichthe, 'Brighid agus a brat' Sé an chaoi a n-imrighidís é, téigheadh fear an tighe amach agus bhíodh uisge coisrighthe aige. Chraitheadh sé cuid de ar gach sgioból agus cró beag a bhí aige. Ansin tagadh sé isteach sa teach. Bhuaileadh sé ar an doras agus deireadh sé “Leigidh isteach Brighid agus a brat agus Micheál is a sgiath.” D’osglóchaidís an doras dhó annsin agus chraitheadh sé an t-uisge coisreacain i ngach seomra agus thart ar an teach. Annsin nuair a bhíodh sin deánta aige suidheadh na daoine go léir chun buird agus bhíodh feásta mór acu.
Lá ‘le Pádraig - Bíonn patrúin ar an bhfáiurche an lá sin agus téigheann go leor daoine ann. Bíonn féasta beag nó mór ag gach duine an lá sin i n-onóir do Naomh Pádraig.
Máirt na h-inide- Is ar an Máirt roimh Céadaoin na luaithridh a tugtar Máirt na h-Inide. Pósann go leor daoine an lá sin mar ní fhéadann siad posadh arís go mbeidh an carghus thart. Caithtear - salann ar na daoine ion phóstha nach

(continues on next page)
Informant
Micheál Ó Liodáin
Gender
male
Age
55
Address
Claggan, Co. Galway
Language
Irish