School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 434

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 434

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 434
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tobar Éanna. Is é Naomh Éanna a bheannuigh an tobar seo. Téigheann na daoine ann ó'n 15adh lá de Lughnasa go dtí an 8adh lá de Mheadhon-Fóghmhar. Tugann siad turas chuig an tobar. Téigheann na daoine thart seacht n-uaire ar chrann beag atá i n-aice an tobair. Abrann siad seacht "Sé do bheatha, a Mhuire" gach uair. Tugann siad cuid de'n uisge abhaile leo. Roimhe seo d'fhágadh na daoine boinn, paidríní agus rudaí mar sin ag na tobair ach ní fhágann siad aon rud acu anois.
    Tugann daoine bláthanna leo agus cuireann siad thart iad ar na tobair. Tá sgéal ann faoi Thobar Éanna. Bhí breac ann aon uair amháin. Thug Protastúnach a bhí in a chomhnaidhe san áit seo lei an bhreac agus chuir sí síos é ag bruith i bpota. Dá mbeadh an pota síos ó shoin ní thefighe é ná an t-uisge. Sgaoil sí amach an bhreac agus tháinig sé ar ais go dtí an tobar arís.
    Sé an chaoi chéadhna a tugann siad turas chuig gach ceann de na tobair. Is i rith an Fhóghmhair a théigheann na daoine go dtí na toibreacha go léir acht amháin Tobar Chuilm Cille. I mí Meithimh a théigheann siad annsin. Tá leigheas éigin le fághail ó na toibreacha go léir. Is iad na Naoimh a bhfuil a n-ainmneacha ar na tobair a bheannuigh an tobar sin acht níl a fhios againn cé bheannuigh Toibreacha Muire. Nuair a bíonn duine tinn agus go ngeallann sé turas a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Liodáin
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Gleann Loiscthe, Co. Galway