School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 460
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhíodh buideál poitín acu agus bhidís ag ól ar feadh na h-oihdche agus annsin d'iarraidís an bhean le pósadh. Sé an spré a thugaidís dóíb ná cúpla ba agus suas le sgór bullán agus capall. Ní bhfuigheadh cuid acu spré ar bith agus gheibheadh cuid acu sgór gpunt no piosa talmhan agus teach. Uaireannta bhídís imhtighthe cúpla seachtmhain roimh an bpósadh.Tá sgéal ann faoi bheirt fear a chuaidh ag iarraidh mná fadó. Chuaidh an bheirt acu ag iarraidh aon bhean amháin. Bhí duine acu deas agus an duine eile grána, agus bhí an cailín an-áluinn. Dubhairt máthair an chailín leo, an duine is fearr acu a bheith i ndon súgán a chasadh go dtiubhradh si a h-inghean dhó. Chuir sí an fear nar thaithnigh leí ag casadh ar dtús. Nuair a bhí se ag an doras dubhairt an bhean leis leanamhaint de amach ar an t-sráid. Nuair a fuair an tsean-bhean amuigh é dhún sí an doras air agus thug sí a h-inghean do'n fhear eile.
- Pósadh go leor lá Inide fadó. Deirtear má fheiceann tú an chéad uan sa mblian lá Inid go mbeidh an mí-ádh ort. Deirtear fresin má fheiceann tú an snag-breac ag eiteall go h-árd sa spéir an lá sin go mbeidh duine muintireach leat le bás d'fhághail.(continues on next page)
- Informant
- Úna Ní Droighneáin
- Gender
- Female
- Age
- 85
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway