School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 461
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Goideadh na fir na mná fado agus phósaidís iad. Bíonn smuit ar na cailiní an chéád Domhnach de'n Chargus nuair nár phós siad. Do b'e an chaoi a deinti cleamhnas fado nuair a bhíodh na páistí an-óg, agus nuair a d'fhásadh siad suas chuireadh a muintir ialach ortha pósadh. Rinneadh cleamhnas i Rosmuc fadó nuair a bhí na páistí óg agus nuair a d'fhás siad suas níor phós siad, agus ní leigfeadh a muintir dóibh aon duine eile a phósadh.Nuair a phósadh daoine fadó ní téighidís chuig an Aifreann an chéad Dómhnach tar éis pósta dóibh. Téíghidís amach annsin an Domhnach in a dhiaidh sin agus bhíodh an-lá acu. Sé an t-ainm a thugaidís ar an lá sin lá an Eirghe Amach.Deirtear má phósann daoine i Mí Meadhon-Foghmhair nach mbeidh an t-ádh ortha.Bhíodh cleamhnaisí acu tamall ó shoin acht níl siad acu anois ach cor-uair. Nuair a chluineadh fear go raibh bean óg i n-áit éigin agus go leor airgead aici, chuiradh sé fear a raibh aithne aige uirthi go dtí í agus dheinidís cleamhnas. Chaithfeadh an bhean suim áirighthe airgid a bheadh aici sul a bpósfadh an fear í.
- Informant
- Úna Ní Droighneáin
- Gender
- Female
- Age
- 85
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway