School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 166
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá mé réidh anois seachas ariamh ar seisean. Bhí an t-ocras mór air agus bhí sé ag ithe a raibh roimhe go dtáinigh sé go crann eile cabáiste. An chéad duilleóg a dith sé tháinigh isteach ina chomraigheacht fhéin aris. Annsin bhí sé an oidhce agus shín sé siar agus chodhladh sé go maidin agus nuair a deirigh sé bhain sé dhá chrann cabáiste agus thug sé leis iad.
Dimthigh leis go dtáinigh sé go dtí caisleán Bhí a chuid éadaig stróicthe agus a éadan salach faoi nach n-aithneochadh an cailleach ná an bainríoghan. é. Dfhiarr sé lóistín na h-oidhce agus fuair sé sin. Dfiafhruigh an cailleach de cé hé fhéin nó cé as a dtáinigh sé agus dubhairt sé gur buachaill é ó rí na h-Éireann agus go raibh an rígh ar leabaidh an bháis agus go bhfuigheach sé biseach dá bhfuigheach sé duilleóg cabáiste ó crann cabáiste a bhí ag fás i nÉirinn. "Bhí mé ag siubhal" ar seisean nó go bhfuair mé an cabáiste agus thug mé liom é". "Spáin dhom é" ars an cailleach. "Spáinnidh" ar seisean "thug mé dhá crann liom agus tiubhradh mé ceann dhuit-se
Nuair a chonnaich sí an cabáiste thóg sí an spéis ann. Cuirfhidh mé ag bruith é le haghaidh mo dhinnéar. Chuaidh sí síos go dtí an cistinneach acht ní raibh an cailín ann. Níor fhan sí leis an chailín. Chuaidh sí fhéin ag gearradh an cabáiste. Rug sí ar duilleóg den cabáiste agus dith sí é.(continues on next page)- Informant
- Micheál Breathnac
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mám, Co. na Gaillimhe