School: Tír na Cille (roll number 11884)

Location:
Teernakill North, Co. Galway
Teacher:
Seán Maguidhir, Maighréad, Bean de Buitléir

Filter stories

Back
/ 169 Forward
Resolution: Low | High
Tír na Cille | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

tsean bhean na capaill, rith sí agus séard dubhairt an fear "nuair is chruaidh don chailligh caithfidh sí rith."

Bhí bean ann aon uair amháin agus ní raibh aici act beirt mhac. Bhí an chion aici ar an mac ba shine, acht níor thaitnigh an mac eile léi chor ar bith. Phós sé annsin agus ní leigfheadh a mháthair isteach é agus beigean dó féin agus dá mnaoi fanacht amuigh i sciobál.
Ní raibh acú le n-ithe acht cúpla fata an trathnóna sin agus nuair a bhí sé an oidhce, chuaidh sé chomh fada le teach a mháthar agus ghoid sé mála mór fataí. Nuair a deirigh a mháthair ar maidin lár na bhárach agus nuair a chuala sí go raibh an mála fataí imthighte, bhí sí le buille agus chuaidh sí chomh fada leis an bhfear glic, agus dfhiafhruigh sí de cé ghoid an mála fatai agus dubhairt seisean gur bé an té a mbeadh an sneachta leghtha ar a theach ar maidin a ghoid na fataí.
Nuair a deirigh sí ar maidin, bhí sé an naoi a chlog agus bhí an sneachta leagtha

(continues on next page)
Informant
Pádhraic Mac Samharain
Gender
male
Age
24
Occupation
feirmeoir
Address
Teernakill South, Co. Galway
Language
Irish