Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 165
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus annsin dfhiarr sé den clóca iad a thabhairt go dtí a leitheid seo go cnoc agus dheamhan a raibh sé sin ráidhte go raibh siad ann.
Thosuigh ortha annsin ag piocadh na diamonds agus nuair a cheap sé go raibh a sháith acú, shuidh siad síos mar bhí an lá an bhreágh agus bhí an draoidheachta ag an cailleach sa mbaile agus chuir sí tuirseach agus codhladh air. Nuair a fuair an bainríoghan ina chodhladh é, thóg sí an clóca agus dfhág sí an fear annsin.
Nuair a dhuisigh sé ní bhfuair sé an bainríoghan ná an clóca le na ais. Tá mé réidh anios [!] adeir sé seachas ariamh agus céard a dfeicfheadh sé ag tígheact aige acht triúr fathaighe. Luigh sé siar arís agus leig sé ar fhéin go raibh sé ina chodhladh.
Nuair a tháinigh na triúr fáithghe dubhairt ceann acú go raibh an péiste is grádna a chonnaic sé ariamh annseo. "Marbhuigh é" dubhairt ceann acú. "Ná marbhuigh" ars an tríomhadh fathach tabhair seans dó. Ar an bpoinnte sin tháinigh sionáinn gaoithe agus chuir sé ar siubhal é agus níor stop sé aríamh go dtáinigh sé go h-Éirinn agus nuair a dísligh sé, bhí tart agus ocras air agus sé an áit a raibh sé istigh í bpáirc cabáiste agus bhí an ocras air agus an chéad greim a dith sé diompuigh sé isteach ina asal.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Breathnac
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Maum, Co. Galway