School: Tír na Cille (roll number 11884)

Location:
Teernakill North, Co. Galway
Teacher:
Seán Maguidhir, Maighréad, Bean de Buitléir

Filter stories

Back
/ 169 Forward
Resolution: Low | High
Scéal - Cailín ar Éirigh léi

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 058

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann fadó agus bhí triúr inghean aige. Bhí beirt aca an deas agus an-chineálta acht bhí an duine is sine an-chrosta. Bhíodh sí i gcomhnuidhe ag déanamh chuile rud as an mbealach. Bhíodh sí ag caitheamh na soithigh tríd a chéile agus bhídh na cathaoireacha uilig briste aici.
Lá amháin tháinig fear agus d'fhíarr sé ar an bhfear an inghean ba shine a thabhairt dó. A ars an fear ní thuibhreann í sin duit mar ní fhagfhadh sí sin tada beo in do theach. Tá go maith ars an fear tabhair an dara inghean dom mar sin. Fuair sé í agus d'imthigh sé leis. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc i gcionn blíadhna tháinig fear eile ag tóruigheacht na hinghine ba shine.

(continues on next page)
Informant
Mártain Bhéartha
Gender
male
Age
60
Occupation
feirmeoir
Address
Raigh, Co. Galway
Language
Irish