School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach i sciobál a raibh leabaidh innti. Chuaidh an beirt acú a chodhladh inéindíbh. Dfhág Seán Mórrú a léine air agus ní raibh léine ar bith ar Sairséal. "Cén fáth nach mbaineann tú do léine dhiot" ars Sairséal. "Ní fheadaim codhladh gan mo léine bheith orm" adeir Mórrú. "Níor chodail mise ariamh agus léine orm" adeir Sairséal. Le grádh a shasú bhain Morrú an léine de. Thuit Mórrú ina chodhladh annsin. Céard a rinne Sairséal nuair a fuair sé Mórrú ina chodhladh acht léine Mórrú a chuir air. Dfhan mar sin go raibh sé ina mhaidin. Deirigh Sairséal chuir sé air a chuid éadaigh.
Bhuail sé isteach ag an feilméara agus bhí an té réidh róimhe. "Cá bhfuil Múrró" adeir an feilméara. "Tá sé ag chuir a chuid éadaigh air. Beidh sé isteach go tobann". Bfhada leo go raibh sé ag tígheacht. "Go amach" adeir an feilméara leis an gcailín "agus abair leis tígheacht isteach ag an té". Bhí poll beag ins an doras agus dhearc an cailín isteach. Bhí Mórrú ina sheasamh istigh ag craitheadh na pluide suas agus anuas ag toruigheacht an léine.
Rith sí isteach chuig an bhfeilméara ag innseacht nach raibh snáithe éadaigh ar Mórrú acht ag craitheadh na pluide suas agus anuas. "Rachaidh mé amach" adeir an feilméara(continues on next page)- Informant
- Pádhraic Ó Maoilruaidh
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe