Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an inghean "go bhfeicfidh mé an ag innsint bréag atá an cailín.
Chuaidh an inghean amach agus bhí an obair céadhna air. Tháinig an inghean isteach, "tá rud éicint air" adeir an inghean "níl snáithe éadaigh air. "Go amach" adeir an feilméara le na bhean féin" agus glaoidh isteach air. Chuaidh sí amach agus bhí sé ar a dhá ghlún faoi an leabaidh. Chuala sé bean an feilméara agus céard a dheanfhadh sé acht breith ar a chuid éadaigh agus rith amach gan snáithe air le náire fanacht níos fuide. Bhuail sé bóthar agus níor tháinigh sé isteach chor ar bith agus chuir sé a chuid éadaigh air ar thaobh an bóthair agus níor facthas aon amharc air aríst go ceann dhá bhliadhna.
"Bhfuil fhios ar bith céard a bhí ar Seán Mórrú" adeir fear an tighe. "Is docha nach raibh sé ceart" adeir Pádhraic Sáirséal. "Nach mór an t-ádh a bhí orm" adeir fear an tighe "nach raibh mo inghean aige. "Níl rud ar bith is fearr dhuit anois acht do inghean a thabhairt dom-sa". "Tá sé chomh maith agam" adeir sé. Chuadar go dtí an sagart agus pósadh Pádhraic agus inghean an fheilméara. Thug sé airgead go Pádhraic agus dfhan mar sin go Domhnach an eirigh amach agus chuaidh Pádhraic agus an feilméara isteach i dteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Maoilruaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. Galway