Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 398
- XML “An Gobán Saor”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gobán Saor.Bhí fear ann fadó. Fear cliste, stuamdha, láidir a bhí ann. Bhí sé ina thoghadh saor agus bhí sé i ndon tighthe a thógháil níos feárr ná saor ar bith eile. Chuirfeadh na righte san am sin fios air le hagaidh pálásaí a dhéanamh dhóibhBhí aon mhac amháin aige agus ba mhian leis go mbeadh sé pósta le mnaoi clíste. Lá amháin dubhairt an gobán le duine dá shearbhónta caora mharbhú. Dubhair[t] sé leis an mac a dhul ag an aonach agus an croiceann agus an luach a thabhairt abhaile chuige. Cuaidh an mac ag an aonach agus bhí na daoine ag gáire faoi nuair a d'iarr sé an croiceann as an luach orthu. Tháinig cailín chuige agus dubhair[t] sí go dtiubhradh sí an croiceann agus luach dó agus bhearr sí an olann dhó agus nuair a bhí sin déanta aice ghug sí an croiceann is luach na holla dhó. Nuair a thug sé an croiceann agus an luach abhaile chuig an athair dubhairt sé leis an cailín a phósadh go raibh sí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Máille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Turlach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Colum Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 44
- Seoladh
- An Turlach, Co. na Gaillimhe