Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 326

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 326

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 326
  3. XML “Pota Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Croca óir i bhfolach
    Tá sé ráidhte go bhfuil pota óir i bhfolach amuigh in Úraid faoi charraig mhóir agus go bfhuil girrfhiadh mór ag tabhairt aire dhó. Bhí fear ag brionglóidigh trí oidhche i ndiaidh a chéile air. Chuaidh sé ag cuartú an óir annsin mar bhí sé cinnte go bhfuigheadh sé é fá go raibh sé ag brionglóidigh trí oidhche i ndiaidh a chéile air. Thug sé láidhe leis agus thosuigh sé ag cartú. Nuair a bhí roinnt cartuighthe aige léim girrfhiadh mór agus thosuigh sé dhá sgríobadh. Sgannruigheadh an fear agus rith sé comh tapaidh is bhí sé i ndon. Nuair a bhí sé imighthe sgathamh maith bhreathnuigh sé siar agus chonnaic sé seanfhear ag líonadh suas an phoill.
    Deirtear gur fear a bhí na comhnuidhe i n-Úraid fadó agus gurbh é a chuir an t-ór i bhfolach. Fear misneamhail saidhbhir a bhí ann. Bhí go leor stoc agus airgid aige. Bhí aon mhac amháin aige. Fear breágh óg a bhí ann agus bhí an t-athair an ríméabach as agus b mhian leis go mbéadh sé saidbhir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Treasa Ní Mháille
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Turlach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bean Chuilm Uí Máille
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40
    Seoladh
    An Turlach, Co. na Gaillimhe