Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 331

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 331

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 331
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ciste óir i bhfolach
    Tá ciste óir is bhfolach i n-aice le Ros a' Mhíl agus cat dubh dhá chionn agus 'séard atá ann sliogáin maoracha agus tá sé ráidhte go bhfuil go leor óir curtha i dtaisge ann leis na ceadhta bliadhain. Ní leigfeadh an faitchíos do dhuine ar bith a dhul i n-aice leis, le faithcíos gur faoí dhraoidheacht atá sé. Dhá bhrígh sin níor mhaith le duine ar bith lámh a bheith aige ann.
    Uair amháin dubhairt muinntir na sráide go léir go rachadh siad ag féachaint céard a bhí ann. Chuadar comh fada leis an áit agus rinne siad poll mór isteach san talamh, agus ní raibh siad i bhfad dhá tholladh go bhfaca siad go leor sliogán maoracha ann. Shíleadar go raibh leo, gur ghearr go mbéadh an t-ór aca, ach ní mar síltear a bhíonns.
    Is gearr gur airigheadar an cat ag sgréachaoil agus sgannruuigheadar go mór agus d'imthigh siad leo, agus ó'n am sin tá faitchíos
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Thighearnaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Muc, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cadhla
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Ros Muc, Co. na Gaillimhe