Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 455

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 455

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 455
  3. XML “An Ghadaíocht agus an Chneastaíocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sgoláire bocht ann fadó agus bhíodh sé ag imtheacht ó theach go theach. Bhíodh go leor leabhra ag imtheacht aige i gcomhnuidhe. Lá amháin casadh gaduidhe dhó agus d'fhiafruigh sé dó cé fearr an gaduidheacht na an cneastaidheacht, agus dubhairt an sgolaire bocht gor fearr an cneastaidheacht.
    "Céard a chuirfeas tú liom", adeir an gaduidhe. "Cuirfe mé chúig phunt leat adeir an sgolaire bocht." Cuir sé, said an breitheamhnas ar an gcéad fhear eile a casadh dhóibh agus dubhairt siesean gurbh fearr an gaduidheacht agus b'eigin do'n sgoláire bocht an chúig phunt a thabhairt do'n ghaduidhe.
    Ba ghearr gur casadh fear eile dhóibh agus dfhiafruigh an gaduidhe dhó cé fearr an gaduidheacht ná an cneastaidheacht agus dubhairt seisean gurbh fearr an ghaduidheacht agus b'éigin do'n sgoláire bocht na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Thnuthail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Ceanndhubháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Ros Muc, Co. na Gaillimhe