Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 386

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 386

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 386
  3. XML “An Saighdiúir agus an Dá Luchain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Saighdiúir agus an dá luchain
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé na shaighdiúir ins na hIndiacha Thoir. Bhí Lochlannach i n-éinfeacht leis. Nuair a bhí siad ag dul abhaile d'iarr an Lochlannach ar an Éireannach a teacht go dtí a thír fhéin. Bhí siad ag siubhal annsin go raibh siad i ngar do'n teach.
    Dubhairt an Lochlannach leis an Éireannach nuair a thiocfadh siad i ngar do'n teach go gcaithfeadh sé cnámh a thabhairt dó mar go raibh a athair chómh láidir sin an uair a chraithfeadh sé lámh leis go ndéanfad sé brosgar dhá láimh. Nuair a tháinic siad chuig an teach chraith an t-athair lámh leis an Éireannach agus thug seisean an cnámh dhó agus d'fáisg sé chómh cruaidh sin go ndearna sé brosgar de'n chnámh. D'fhan an t-Éireannach sgathamh mhaith san tír sin agus ní raibh grádh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0726: The Oldest on the Farm
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Thnúthail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Tnúthail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe