Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin ní rabh duine ar bith sa teach ach an cat. Bhí an t-sean-bhean ag ceól i dteach a bhí i ngar do'n teach. Tháinic an rí agus bhí an t-sean-bhean sa teach nuair a tháinic an rí. Dubhairt an bhean go rabh sí ag an gceól. An oidhche eile bhí an rí ag dul ag ceól freisin. Bhí bróga ór ar an mnaoi agus nuair a bhí sí ag teacht amach an doras bhain an rí bróg dhá cois. Chuaidh an bhean amach abhaile agus bróg uirthe. Tháinic sí go dtí teach an Ríogh. Bhí an cat sa teach nuair a tháinic an bhean go dtí é. Bhí áthas air an gcat nuair a tháinic sí. Chuir sí an teine síos. Bhí an bhróg in a láimh ag an rígh ag teacht isteach an doras dó. Nuair a bhí an dinnéar ithte ag an rígh dubhairt sé le bean an tighe an bhróg a thabhairt go dtí an áit a rabh sé. "Cuir an bhróg seo ort" adubhairt sé. Chuir sí an bhróg uirthe. Dubhairt sí le bean an tighe an bhróg a chuir dhá cois. Chuir an cailín aimsire an bhróg uirthe. Chuaidh an rí amach an dara h-oidhche agus bhí an cailín sa teach. Bhí an ceól sa teach. Ní rabh sa teach an oidhche seo ach an cailín agus an cat. Dubhairt an cailín go rabh sí ag dul ag an gceól. Dubhairt an cailín leis an gcat an tae a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhéarrthigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe