Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 220
- XML “Mac Rí Éireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)taobh thiar osgailte. Nuair a tháinig an bord aníos chonnaic an t-súil a bhí i gcul a cinn an bord agus nuair a chuaidh sí abhaile d’innis sí dhá máthair cé bhfuair súil an biadh. Níor leig an leas mháthair amach níos mó í. Lá chuala súil go rabh mac an Rí ag dul thart agus an té a bheadh indhon ubhall a thabhairt anuas as bárr an chrainn go bpósfadh sé an bhean sin. Níor mhór do chuile dhuine crann ubhaill a bheith ar aghaidh an doras aige. Fuair súil píosa feóla agus rinne sí crann ubhaill dhó. Nuair a bhí mac an Rí le theacht thart chuir an leas mháthair súil isteach faoi bhéal pota go mbeadh Mac an Rí imthighthe. Nuair a tháinig mac an Rí isteach dubhairt súil go rabh sí fhéin indhon é a thabhairt anuas. Chuaidh an mháthair amach i dtosach agus shíl sí an t-ubhaill a thabhairt anuas ach chinn sé uirri é thabhairt anuas. Chuaidh an inghean a rabh dhá shúil innte suas ach chinn sé uirri. Chuaidh an ceann a rabh shúil innte suas ach cinn sé uirri chomh dona leis an mbeirt eile. Chuaidh mac an Rí isteach agus leig sé amach an cheann nach rabh innte ach súil. Chuaidh sí suas sa gcrann agus thug sí anuas an t-ubhaill a bhí a mbárr an chrainn. Sí seo an bhean a phosadh mise a deir mac an Rí. D’imthigh Mac an Rí é fhéin agus a bhean agus posadh iad agus bhí bainis sheacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Neachtain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14