Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 184
- XML “Pisreoga a Chruinnigh Malraigh Scoil an Ghoirt Mhóir, Ros Muc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)24. Níl sé ceart teine a thabhairt amach nuair a bheadh tú ag déanamh maistre.25. Nuair a bhíodh na daoine ag déanamh fuisge caithfe siad amach an chéad ghloine a thagadh anuas.26. Níl sé ceart a dul amach ach an doras a dtáinig tú isteach ann.27. Ná h-athruig an doras go mbeidh an sagart imthighe.28. Níl sé ceart a theacht isteach agus rud ar do guaillinn.29. Tá sé ráidthe má leagtar i roilig tú go mbeidh tú caillte faoi ceann bliadhna.30. Nuair atá beirt ag pósadh caitheadh siad an lá ag doras theach an phobail féachaint cé aca is luathe a ghabhfadh amach.31. Níl sé ceart iasg a thabhairt abhaile ó shocraide.32. Níl sé ceart a bheit ag caitheamh i ndhiaidh bainne dhóirtfeá.33. Nuair a leagtar duine abruighthear Dia linn no fear slán.34. Nuair a leigeann tú isnaoth. (?)35. Tá leigeasan trioc ag fear na lárach báine.36. Ní maith leis an ngabha an t-uisge a leigean uaidh.37. Bíonn duine caillte nuair a bhíonns sop as tóin na ceirce.38. Tugann siad amach an connradh an doras(leanann ar an chéad leathanach eile)