School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 249
- XML “Stail Uí Dhúgáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'fhan sise taobh amuigh agus d'imthigh mac an Rí isteach.
D'fhiafruigh muinntir an tighe dhó a raibh aon cheird aige, agus dubhairt sé go raibh sé indhon cliabhaín éanacha a dheasú go maith.
Caitheadh anuas go leór cliabhain éanacha aige, agus budh ghearr go raibh siad chomh nua is bhí siad ariamh.
Budh ghearr go raibh árd-mheas air aca agus bhí sé ag fághail eochair chuile sheomra san teach.
Ar deire fuair sé eochair an t-seomra a raibh an téan istigh ann.
An oidhche seo nuair a bhí gach duine san teach in-a gcodhladh, chroch sé leis an téan amach san meadhon-oidhche.
Nuair a bhí sé tamall beag ó'n teach dubhairt sé leis féin, "ní bheidh mise ag iomchur an chása seo mar béidir nach bhfuil tada ann agus is fearr dhom é a osgailt".
D'osgail sé an cás agus thosuigh an téan ag ceól agus chuir sé a chodhladh gach a raibh 'na ndúiseacht, agus dhúisigh sé gach a raibh 'na gcodhladh.
Dhúisigh sé muinntir an tighe agus lean siad mac an Rí.
"Cé'n sórt gaduidhe bó nó caorach thusa" adeir siad, "nó céard a bhí dúil agat a dhéanadh orainn."
"Muise ní gaduidhe bó ná caorach mise adeir sé, acht mac rí ó'n Domhan thiar a tháinic ag iarraidh an chliabháin agus an téan atá istigh ann agus d'innis sé an sgéal ar(continues on next page)- Collector
- Siúbhán Ní Ráighne
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Liam Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Inis an Ghainimh, Co. na Gaillimhe