School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ghnotactail ar a chéile an lá sin. Sa tratnóná bhí an cuplá acha tuirseach. Rinne an león mor eile fear dhí fhéin agus thánaigh sé abaile ag teachain na baintrighe agus é an-tuirseach. Lár na bhaireach dimtigh sé leis arist san aith a raib an león mór. Chuimnigh sé air an leon-mór agus cuaidh sé féin agus é fhéin ag troidh agus ni raib an bhuaidh ag ceactar aca sa tratnóna. Cuaidh an fear abaile arist agus é go tuirseach tairnigh. Dhith sé a shuipear annsin agus chuaidh sé chodladh. Dubairt an n-ingean le na matair annsin go leanfadh sé é. Lean sé lear na bhaireach agus chonnaich sí ag déanam fear dhí fhéin é agus ag ionsuidhe an leoin eile. Bhí siad ag troid go raib sé na meadhon lae agus annsin bhí an leon eile ag fagáil an cheann a bhfearr air. Annsin dubairt an león eile dhá bfuighead sé féin buidheal o'n na leitidh seo dé thobhar go marbuigeocadh sé é. Nuair a cualadh sise é sin thugh sí aige an buidheal agus níor sheas an león eile dhá noimeadh dhó. Rinne sé fear do féin annsin agus doscail sé an león mór agus fuair sé an nubh. Rinne sé seabach dho féin annsin agus dimtigh leis no go dtánaigh se ag an teach. Chonnaich sé an fatach mór ag teacht cuighe agus chaith sé an n-ub leis agus mharbuigh sé é. Bhí an bean aige ar an n-oileán annsin agus biodar go bfuair siad bas.
- Collector
- Mícheál Seóighe
- Gender
- Male
- Informant
- Mícheál Báile
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe