School: Leitir Mór

Location:
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Tomás Mac Confhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Mór
  2. XML Page 222
  3. XML “An Fear a Dhíol an tAifreann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon uair amháin chuaidh fear amach ag iasgach maidin domhnaigh sul má chuaidh sé ag an aifreann.
    Bhí sé ag marbhú go leór éisg.
    De réir mar bhí an taifreann gar dá bheith dhá radh bhí an fear ag fághail go leór éisg.
    Sa deire rith sé abhaile agus chaith sé an t-iasg agus an dorúha ag a bhean. Rith sé chuig an aifrinn acht bhí na daoine ag teacht abhaile roimhe. Tosuigh an fear ag sgréachaoilt agus d'fhiafhruigh na daoine dhó céard a bhí air. Dubhart sé go raibh an aifreann cáillte aige. Díolfaidh mise leat é adeir fear eile. "Muise cé mhéad a bhainfas tú dhíom air," adeir sé. Punt arsa seisean.
    Rith an fear abhaile agus d'iarr sé púnt ar a bhean. 'Cé le haghaidh a bhfuil sé agat' arsa sise? Ná bac le cé le haghaidh acht tabhair dhom é adeir sé. Thug sí an púnt dó agus d'imthigh sé. Thug sé an punt leis go dtí an fear eile agus chuaidh gach duine aca abhaile.
    Faoi ceann tamaill cailleadh an fear a dhíol an taifreann, agus ní leigfidh isteach ins na flaithis é mar geall nach raibh an taifreann aige.
    Chuaidh sé ar ais go dtí an fear a cheannuigh an taifreann uaidh, agus dubhairt sé nach leighfidhe isteach ins na flaithis é mar a bhfághadh sé an taifreann ar ais.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siúbhán Ní Ráighne
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Seán Mac Confhaola
    Gender
    Male
    Age
    35
    Address
    Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe