Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Naomh ina comnuidhe í gCill Ainbhthín fadó agus is é an t-ainm a bhí uirtí Naomh Ainbhthín. Bhíodh cill aicí i n-aice leis an Séipéal. Tá sé ina seasamh fós, acht níl acht aon bheinn amháin ann anois. Níl aon fuinneóg san gCill cor ar bith. Tá tobar beannuighthe thíos í gCill Ainbhthín ín-aice lé Loch na Rosa. Bhíodh sé ag Naomh Ainbhthín fadó. Tugann siad tobar Naomh Ainbhthín. Téigheadh na daoine ann fadó lé léigheas a fhághail go mór-mór leigheas le h-aghaidh súl tinn.Fadó nuair a théigheadh na daoine go dtí an tobar leagadh siad píosaí éadaigh ina diaidh agus déireann siad paidreacha fós. Tá baile fearann ainmíghthe ina diaidh, agus scoil. Tá bullán ímeasg na gcrann í bpáirc Eamonn bFlaitbhearthuigh freisin. Dá mbeadh an t-uisge shíos lé bruith agat ní bhruithfheadh sé go deo.Fuair Naomh Ainbhthín bás ar an 18adh Eanair agus tá sí curtha í n-aice lé Loch na Rosa. Cuaidh naomh Ainbhthín agus naomh Pádraig go dtí an áit a bhfuil an séipéal agus thug siad a seacht mbeannacht do pharáiste Cill Ainbhhthín. Tá cill Naomh Breacáin ín-aice leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Laidhigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Laidhigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe