Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)

Suíomh:
Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Ainbhthin
  2. XML Leathanach 287
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”
  4. XML “Pota Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ciste óir i bhfolach
    Tá áit sa mbaile againne le bun an tsléibhe. Sé an t-ainm a thugann siad air an ''Dóirín''. Deirtear go bhfaca mo shean-athair barraille óir ann fadó. Nuair a chonaic sé é rith sé abhaile le n-é a innseacht, ach nuair a tháinig sé ar ais arís ní raibh sé le feiceáil. Dubhairt na daoine dá bhfágadh sé maide nó rud éicint air nach n-imieoiadh sé. Bhí siad ag ceapafh gurb iad na Dé Dannann a chuir ann é, agus go raibh draoidheacht air. Máire Bhreathnach Co na Gaillimhe a fuair é seo ó Thomás Breathnach Co na Gaillimhe, aois 56 blianta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gaillimh
    Faisnéiseoir
    Tomás Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Gaillimh
  2. Pota óir i bhfolach
    Bhí ciste óir i bhfoach i gCaisleán acadh na tubhar cuireadh ann é nuair a bhí na droch-daoine ag dul thart; fear saibhir a chuir ann é sa gcaoi nach bhfuigheadh aon duine é. An oíche seo, bhí air é a chur san áit ar araibh na Gealaighe amach amach mar bhí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.