Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)

Suíomh:
Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 293

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 293

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Ainbhthin
  2. XML Leathanach 293
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) Tháinig mé aniar faoi Samhain,
    D'ith mé mo dhóthann de'n gamhan,
    Bliadain ó Shamhain sin bhí laogh ag an ngamhain sin. Cé'n chaoi ar thárla sé sin?
    Freagra: - Thug muinntear a' tíghe gamhan isteach sa teach. Leagadar ciseóg fataí ar a dhruim, agus d'ith siad a ndtóthann do na fataí.
    2) Ar a' bhféar ghlas a shiubhlaim.
    Ar a' gclár péinne a sheasaim.
    An each nár rugadh agus nach mbéarfar amach romham, agus srian a mháthar in mo ghlaic agam.
    Freagra. Cailleadh an capall agus baineadh an searrach amach as taobh a 'capaill; agus mhair an searrach.
    3) Bhí báchear i nGaillimh agus bhí dearbhráthair aige ina bhacéir i mBaile Átha Cliath. Ach ní raibh dearbhráthair ar bith ag an mbácéir, a bhí i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh.
    Freagra: - Deirbhshiúr a bhí aige i nGaillimh.
    4) Tá dearbhráthair ag dearbhráthair m'athar-sa agus ní oncal domsa é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nápla Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe