Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 363
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- O'n mbliadhain 1846 go dtí 1848 bhí an gorta mór ann. Tháinig an dubhachán ar na fataí agus lobhadar ins an talamh. Fuair go leor de na daoine bás leis an ocras agus chuaidh chuid eile go Meirioca. Gheibheadh na daoine bás ag dul ar an Aifreann agus ins na páirceanna agus chuireadh siad iad gan bráithlín gan aon rud. Tá go leor díobh curtha ag Altóirín agus i ngarraidhe Riobárd Welba. Bhiodh tighthe anbhruithe ag na Prodastúnaigh agus thiubhradh siad anbhruith d'aon Caitiliceach a d'iompóchadh na Protastúnach acht níor iompuigh mórán diobh.Bhíodh ar an daoine neanntóga agus leite mine - choirce a ithe leis an t-ocras a bhaint díobh. Bhí cailiín darbh ainm Máire Ní Eidhin ag obair do bhean uasal i gCillola agus lá amháin tháinig fear bocht go dtí an doras agus thug an cailín dhá phláta leite dhó. Nuair a chuaidh sí amach arís fuair sí an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe