School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 217
  3. XML “Paidín Piobaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag brath ar dul a chodladh nuair a bhuail duine ecínte taobh amuigh ar an doras agus d'iarr ar an te istigh é leigint isteach. D'fhoscail Paidin an doras agus thainic seanfear liath isteach. D'iarr sé loisdin ar Phaidín agus suipear. Tugadh dó iad agus d'innis Paidín a sceul fein do strainseár agus d'iarr sé a chomhairle air.
    "Bhearfaidh mé comhairle dhuit, a ogánaigh" ars an sean fhear, "Teigh righ ag an mbainfeis. Is fearr a bheidh tú ag teacht as na ag dul ann."
    Chuaidh an bheirt aca na gcodladh agus nuair a dhuisigh Paidín ar maidin bí an seanfhear imtighthe - gan tasc na tuairisc le fáil air - agus bí an bolta ar an doras taobh istigh agus an maide eamuinn treasna.
    Rinne Paidín iongantas de sin agus bhí sé ag fail faoi reir an bhotair gur lasg sé leis an bóthar - na piobaí uileann ar a dhruim agus maide fuinnseoíge in a laimh dheis - blúire beag aráin in a phóca agus a mhathair ag an doras ag cur uisge coisrigthe air agus ag cur beannacht in a dhiaidh.
    Nuair a shrois sé Uachtarárd
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Language
    Irish