School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 120
  3. XML “Coirnéal Máirtín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bas Baile na hInnse (Conamara) an Coirnéal Mairtín. Mhair sé tuairim is ceud bladhain o shoin. D'imthigh a bhean uaid le fear eile thoir i Sasana. Ní raibh an Mairtíneach cinnte cé le 'nar ealuigh sí go ceann tamaill. Sa deire fuair sé amach é mar seo. Ghleás sé é féin suas mar ceannuighe agus bhiodh sé ag dul o theach go teach ag díol sioda agus rudai deanta as síoda. Thainic sé ar an mbeirt an fear agus a mhnaoi feín. Nior ghlac an fear le dubhshlán an Mairtínigh dul ag pionnsaidheacht nu troid le gunnai. I ngeall ar sin chuir an Mairtíneach an dlighe air agus bhain sé go leor airgid de.
    Thainic sé abhaile go hEirinn annsin. Cuir sí cruidhte óir ar a chapallaibh agus thug sé ordu da bhuacaill aimsire Tadg O Hairt dul ar thuras le na charbad agus a sheisreach capall agus a bheith ag sgaipeadh an airgid ar na daonaibh a gcasad leis ar an mbealach.
    I ngGaillimh diarr Tadg a thuarasdal ar a mhaighistir
    "Nár choinnigh tú aon chuid den airgead duit féin, a Thaidg?" ars an Coirnéal
    "Nior choinnigh, muis, a Mhaighistir" arsa Tadg
    "Tuighe" ars an Coirnéal
    "Bhí tusa ro-uasal, nu ró-onórach é a choinneál," arsa Tadg. "Agus i mo belach féin tá mise chomh h-onórac leat, chuile ordlach." Ní cheapaim go mbeadh sé adhamail airgead mar sin a fuair tú ar pheacadh do mhná
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish