School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 226

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 226

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 226
  3. XML “Éan na gCleití nÓrga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Rí ar an Spidéal uair amháin agus bhí triur mac aige. Bhí ubhallghort ag an Righ agus bhí sé an bhródhamhail as. Lá amhain a ndeaca sé amach san ubhallgort chonnaic sé go raibh aon ubhall amhain pioctha agus togtha. Chuir sin fearg air agus chuir sé fios ar an mac ba shine agud d'innis sé dó faoi an ubhall a bhí goidthe.
    "Anois" ars an Rí "caithfidh tú gardáil a dheunamh ar an ngaradhaí seo anocht. Bearfaidh mé buideal uisge beatha dhuit anocht agus gunna. Má thagann rud ar bith isteach san ngarrdhaí chaith é, agus ná tabhar cead dó aon ceann eile do na h-ubhlaibh a ghoid."
    An oidhche sin d'ól an mac ba sine an iomarca den uisge beatha agus thuit sé n'a chodladh. Bhí ubhall eile imthighthe lá ar na bháireach agus chuir sin an fhearg 'mach sa 'mach ar an Righ.
    "Geobaidh tú capall uaim amáireach ar seisean agus míle punt. Teigh agus faigh amach ce ghoid an ubhall. Bhearfaidh mé bladhain agus lá dhuit. Mara bhfaigidh tú amach cé ghoid an ubhall ná tar abhaile. Ní bheidh aon fhailte romhat annseo."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Concubhair
    Gender
    Male
    Informant
    Tadg Ó Laidigh
    Gender
    Male