School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 101c
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) Nil aon mhaith sa seanchus agus an anachain deánta
2) Cuile fhear ag moladh an mhadaidh, agus gan duine ar bith ag moladh an geirrfiadha
3) Ní muinntear go mealltar 4) Ní gan abhras an cheud snáithe
5) Bhí fear i Magh Uilinn fadó a b'ainm do Chlisham. Stiobhard a bhí ann do Seoirse a Burc, Tighearna Talmhan. Bhí sé raidhte go mba clisde tuigsionach (?) an fear é. Bhí sean fhear eile san áit agus chuaidh sé lá ag Clisham a radh leis go raibh sé an bhocht agus go raibh a chlann ag fáil bháis leis an ocras. D'eist Clisham leis, bhí truagh aige dó agus thug sé £5 dó. D'imthigh an fear abhaile sásta go leor leis féin agus ba é a rinne an seanfhocal seo leanas:-"Dá clisde Clisham
Ba chlisde mise na é"
6) San Earrach a deantar obair an Fhoghmhair7) Ní gleann follamh go mbionn an tuisge ann8) Té bualtear sa gceann bíonn faitcíos air
9) Cuairt ghearr is é dheunamh go h-annamh i dteach do charad
10) In a dhiaidh a fheictear a leas den Eireannach
11) Trí rudaí go bfearrr dá uireaslaidh (?)"Droch fhiacal
Droch chomhluadar
Droch ól"
12) Is fearr suidhe na bhonn (?) nu suidhe na áit13) Is fearr sean fhiaca nu sean fhollamh14) Grádh da mheid fuath dá réir