School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 206
  3. XML “Seanchaisleáin, Eaglaisí agus Eile sa gCeantar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá roinnt bheag le feiceál fós de Chaislean Fuathaidh i gCampa, Uachtarárd. Bhí an caisleán seo ag Morog na dTuagh Ua Flaithbeartaigh fó thaoiseach. Deir na sean daoine go raibh fear a b'ainm dó O Cathain in a chomnaidhe ann roimhe. Le imreas a tharraint idir na Flaithbeartaigh thug an bhainrioghain Eilís tiodal do Mhorog "Ceann ar Mhuinntear Fhlaithbeartaig ar fad". Cé nach raibh i Moróg acht fo-thaoiseach glach sé leis an tiodal go fonnmhar agus tamall in a dhiaidh sin ghlac sé seilbh ar.
    Chaislean Acadh na nIubhar, príomh Caislean Gnomóire. Tá an caisleán seo tuairim's dha mhile go leith ar an taobh o dheas de Uachtarárd ar thaobh na Gaillimhe. Tá an Caisleán suidhte ar an abhainn Druimnín a ritheas isteach i Loch Coirib. Domhnall Crón Ua Flaithbeartaigh taoiseach Gnomóire a bhí sa gcaisleán seo acht bhí sé i bpaírt le cuid do na Burcaigh Mac Liaim Iochtar a bhí ag brath ar eirge amach i n-aghaidh na bainrioghna. Ní raibh morán chruthúnais go raibh Domhnall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish