School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 116
  3. XML “An Giorria Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tuairim 'sa mbliadhain 1700 thainic sean bhean aníar o Doire an Fhiaidh go hUachtarard agus chuir sí fuithi san nGleann, tuairim's sé mhíle thíar thuaidh ó Uachtarard ar bhruach Locha Coirib. Cheannuigh sí sean sgiobol san nGleann agus chuir sí fuithi ann. Ní raibh eolas ag aon nduine uirrí, nu ní raibh aon bhaint ag na comhursanaibh leí.
    Théis acair thug na comursana (Muinntear an Ghleanna) faoi deara go raibh dune ecínt na rud eigean ag goid fatai agus gobaisde agus cearc uatha. Freisin d'airigheadhar go mbiodh na beithí blighte anois agus airíst agus nuair a racadh sí fein ag iarraidh iad a bhligh ní bhiodh striag aca. Nidh nach iongnadh rinneadar iongantas de sin.
    Bhí fear aithrid san áit, agus lá amháin chuaidh sé amach le na chú ag feáchaint ar na beithí. Chonnaic sé geirrfiadh ag teacht isteach sa bpáirc agus í ag deoladh na mbeithí. Do shaigadha sé an chú i ndiaidh an gheirrfiadh. Rug an cú ar an geirrfiadh agus í ag dul amach i gclaidhe agus ghortuigheadh go mór í. Deirigh leis an geirrfiadh ealodh acht d'fhág sí lorgaín fola in a diaidh agus lean an cú é agus an fear go dtainic siad go bothán an tsean-mhná. Bhí poll faoi an doras agus bhí lorg na fola le feiceál faoi. Bhí an doras dunta agus an maide
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish