School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 185

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 185

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 185
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear óg ann fadó 'na chomnaidhe amuigh ar na slíabhta, idir Uachtarárd agus an fhairrge. Maor a bhí ann. Ní dhearna sé aon obair aríámh on a shaoghal acht maoirseacht, agus ní dheachaidh sé in aon ait aríamh acht ar an slíabh i gcomhnuidhe.
    Nuair a bhí sé i n-aois bladhain is fiche dubhairt sé Domhnach go rachfadh sé chun an Aifreann. Chuaidh sé ann agus nuair a chuaidh sé isteach san seipéal bhain sé a chota mór de agus chaith sé ar ar gá na gréine a bhí ag soillsiu trid fuinneóig an tseipéil, mar shaoil sé gur matal adhmaid a bhí ann.
    Rinne an pobal ar fad iongantas de sin mar bhí a fhios aca san gur gá greíne a bhí ann. Rud eile ní raibh aithne aca ar an bhfear óg. Nuair a bhí an tAifreann thart d'imthigh an buacaill abhaile airíst agus thug sé an chota mór leis. Ar a bhealach abhaile thainic sé go teach ar leiceann an tsleibhe agus chualaidh sé gleo agus fothram istigh ann. Shiubhal sé comh fada leis an doras agus sheas sé annsin agus d'éist
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Folktales index
    AT0759B: Holy Man Has his own Mass
    Language
    Irish