School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 127
  3. XML “Pisreoga i dtaobh Pósaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dá mbeadh tárrtháil ar bith ag sagart i gcleamhnas ní bheadh sé adhamhail nu rathamail. Ní bhiodh sé rathamail acht an oiread posadh a dheunamh ar an Luáin, ar an Aoine nu Dia Satharn na an Domhnach - ná i n-ám ar bith i mí na Bealtaine. Ní fhaca mé mathair an fhir na mathair na mná oige ag bainfeis aríamh - ní bhiodh sé adhamhail. An ceud duine den lanamhain a thagadh amach doras an tseipeil théis an posaidh sé an duine is lugha a gheobhfadh bás.
    Tá sé suas le dhá scór bladhain o bhí aon phosad ins na tighthibh san ait seo. Deantar an pósadh anois ins na nEaglaisí.
    Bhiodh "Rasaí" ag na bainfeisí tuairim is fiche bladhain ó shoin ón seipéal go dthí teach an fhir oig, theis an posaidh.
    Ní fhaca mé mná ar chuloig aríamh ar bhainfeisí acht uair amhaín, acht chonnaic mé mná ar chulog dul go Gaillimh agus dul ag an margadh. Biodh sort pillín aca taobh thiar den "Sugán Seic" (seip-nu tuighe) diallaid agus stíoropaí deanta as tuighe.
    Tá faisiún acha i gConamara ar na h-oileanaibh buideil poitín fhágail i n-áit ecínte go bfeadfaid na daoine a go mbeadh píosa fada le dul abhaile aca a thabhair leo. Ní bhiodh sé ceart ag muinntear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish