School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 171
- XML “Ceirdeanna - Gaibhneacht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl aon ghaba sa bparóisde seo anois (Cill Aininn) cé go raibh beirt ann leath cheud bliadhain o shoin. An t-am sin bhiodh go leor oibre le deunamh ag gabhainn - crúidhte le h-aghaidh capall agus asal - sluaisdí - laigheannta, pící, sleaghain, tuaghanna agus go leor rudaí eile. Rud ar bith a bhí deanta as iarann ba é an gabha a dheanfadh é. Bhiodh meas mór ar na daoinibh ar an ngabhainn. Biodh capalla na bhfeilméara le fáil aige i naisge ag treabhadh agus ag fuirse. Ní bhiodh call dó mhoin a a bhaint mar bhiodh neart le fáil aige i ngaisge. Feilmear ar bith a thagadh le fonnsaí a dhaingniú nu a chur ar rothaibh bhiodh carr móna aige ag teacht agus bhiodh a leath ar a laigheadh fágtha go bhfeadfadh an gabha a thabhairt abhaile leis.Ní bhiodh gual ag an ngabhainn acht go hannamh. D'feadfadh sé a cuid oibre a dheunamh le móin - le cloc mhoin nu le móin giollaigh (?). Nuair a biodh an mhoin dearg sa teine cuirfeadh an gabha amach é i bpoll mór sa talamh agus(continues on next page)