School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 107

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 107
  3. XML “Cineál a Chána”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nach bhfuil mianach Cineál a Chana ionnat.
    Ba leor sin. Duine do mhuinntir Concubhair a bhí ann (an fear a thug an ais fhreagra. Bhuail an fear eile é le na mhaidhe agus gearr go raibh sé na bhruighin Caorthainn aca. Bhí an teach fre céile gur cuiread fios ar na poilíní. Mar a deirean an sean radh is fada cuimhne sean pháisde.

    Cuimnighim go raibh mé ar thórramh oidhche agus mé mo phaisde. Bhí an cruiscín poitín ag dul thart agus fuair fear le mhuinntear Conghaile gloine. Ní raibh aon fhiacal, nu fior bheagan ar aon nos ag an bhfear seo agus pe ar bith a rinne sé leis an gloine baineadh piosa as. D'iarr an fear a bhí ag roinnt an díghe ar ghearr sé a bheul nu a charbadh leis an gloine. Sul a bhfuair sé ám le freagara a thabhairt labhair fear eile a bhí in a shuidhe in aice leis.
    "Tuige a mbeadh tada ar an gcarbad nach bhfuil mianach cineal a' chána ann agus na tabhair rud ar bith nios boige na iarann do feasta. Cnaigin a theastóchadh uaid le n-ól as."
    Níor mhaith le fear na mainnte an chainnt sin acht thárla é bheith ar thorramh ní dhubhairt sé tada.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Language
    Irish