Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 104
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Aon lá amháin bhí fear ag siubhal an bóthair agus casadh gobán agus a mhac air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)"Nuair a bhéas a Chailleach ag tarraingt ar do shála sáit ceánn acu sin ins an talamh taobh díot. Nuair a bhéas sí ghá dhéanamh an dara h-úair déan an rud céadna agus nuair a bhéas sí dhá dhéanamh an tríomhadh úair déan an rud céadna arís." D'imthigh Micheál leis annsin.
Tháinich an lá ar raibh sé le bheith ag baint fhéir don Chailleach Bhéarra. Thosaigh sise istigh i lár an gharradha agus thosaigh seisean taobh amuigh dhi. Bhiodar ag baint leó nó gur airigh sé an Chailleach taobh thiar de. Annsin sháith sé ceann de na biorra cruaidh ins an talamh. Nuair a tháinigh an Chailleach go dtí é, gheárr sí treasna le na speil é.
"Dar fiadh" ar sise "ba láidir an chréacht i sin." Bhíodar ag baint leó no gur airigh Micheál taobh thiar dó í arís agus sháith Micheál an dara biorra cruaidh ins an talamh. Nuair a tháinigh an Chailleach chomh fada leis an dara ceann, gheárr sí treasna le na speil é agus dubhairt.
"Tá an chréacht sin níos láidre na an ceann eile." Bhíodar ag baint leó arís nó gur airigh Micheál taobh thiar dó í, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraigh Ó Dorchaidhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraigh Ó Gabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 31
- Seoladh
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe