Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 099
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí seanfhear ina chómhnaidhe thiar i nGarumna i gConnamara dár b'ainm dó Pádhraig Labhráis Uí Fhlaithbheartaigh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sin". "Tá tú ag deanamh na mbréug, ní fhéadfhadh aon fhear amháin é sin a chur 'amháin.' amach as an mbád," arsa siad-san. "Cuirfhidh mé cúig punt libh," arsa Seán, "go bfuighidh mise fear atá indhon é a dheanamh."
Bhí a fhios ag Seán go raibh Pádhraig Labhráis, thuas i mbaile mór an Spidéil, agus chuaidh sé ghá chuartúghadh. Chas sé leis ins an mbaile mór, agus dúbhairt sé, "Tá sgata fear, thios ag an gcéibh, agus tá siad ag iarraidh sail ádhmaid a chur aníos as an mbád, agus tá sé ag cinneamhaint ortha. Chuir mise geáll chúig phunt leóbh, go bhfhuighinn fear a dheanfhadh é, leis féin, agus tá sé chómh maith dhuit é a thríáil." "Tá faithchios orm gurb' olc an áit ar chuir tú do chúig phunt," arsa Pádhraig Labhráis, "acht tríáilfhidh mé é."
Síos leó go dtí an céibh agus isteach ins an mbád lé Pádhraigh. Rug sé ar an sail ádhmaid agus an chéad fhásgadh a thug sé di, chuir sé suas go dtí 'na chliabhrach í. An dara fásgadh a thug sé di, chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ua Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Cearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe