Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)

Suíomh:
Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 088

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 088

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Éinne
  2. XML Leathanach 088
  3. XML “Scéal - Iníon na Baintrí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis an gcailín go sníomhadh sí an méid olanna a bhí aice dhi acht glaodach ag an bainis uirthí. Thug an cailín geallamh dí go nglaodheach.
    Bhí ceann dá cuid lámha an-mhór, chómh mór as nach bhfaca aon dhuine aríamh láimh chomh mór léithei. Chuir sí an-iongantas ar an gcailín acht níor labhair sí tada leis an mnaoí i dtaobh a láimhe.
    Thosaigh an bhean ag obair agus ba gheárr go raibh an olann uilig in-a snáithe aice. Chomh lúath agus bhí sí réidh d'imthigh sí as amharc na cailíni chomh sgiopaí agus tháinig sí. Tháinig an cailín aníar as an seomra, agus ba gheárr go dtáinig mach an ríogh isteach. Bhreanuígh sé ar an snáithe, agus dubhairt sé, "Chúala mé cainnt ar moladh na máthar as a h-ingean, acht is duitse atá an moladh ag dul ó cheart." Dubhairt muinntir an tíghe go mba iongantach an bhean oibre í.
    An lá in-a dhiaidh seo bhí an snáithe le casadh ag an gcailín. Chuaidh sí isteach ins an seomra céadhna, bhreathnuigh sí ar an snáithe a bhí le casadh aice agus gann í indhan. Shuidh sí síos agus thosaigh sí ag gol. Tháinig bean. Bhí cois ar an mnaoí agus ní raibh aon chois ar an nduine eile ba mhó na í. Dubhairt sí leis an gcailín gan a bheith ag gol go ndéanamh sí féin a dícheall dí. Thosaigh sí ag obair agus ní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Teanga
    Gaeilge