Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 101
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear saidhbhir agus fear bocht ann fado. Dubhairt an fear saidhbhir go féarr an rógaire agus dubhairt an fear bocht go féarr an cneasta. D'fág siad ag an bhfear bréagach. Dubhairt an fear bréagach go féarr an rógaire agus bhí chúig punt caillte ag an bhfear bocht. Casadh dé lá-n-a báireach é agus d'fhiafruigh an fear bocht de'n fhear saidhbhir. Cé is féarr an rógaire ná an cneasta? Dubhairt an fear saidhbhir go féarr an rógaire agus dubhairt an fear bocht go féarr an cneasta. "Cuirfidh mé chúig púnt go féarr an rógaire" a deir an fear saidhbhir.
Níl na chúig púnt agam acht tiubhradh mé mo cuid leabhra duit. Casadh aráist an tríomhadh é. Dubhairt an fear bocht go féarr an cneasta agus dubhairt an fear saidhbhir go féarr an rógaire agus pioc sé amach na dá shuil as an bhfear bocht. Bhí sé ag imtheacht roimhe go ndeacha sé isteach ins an teampull. Ní raibh sé móran achair istigh ann nuair a tháinig go leor chait. Labhair an sean-chat agus a dubhairt: "Tá sgéal agam le n-innseacht diobh." adeir an sean cat. Sgólai bocht a baineadh an dá súil as indé agus leigheas ingar dó. Tá tobhar ins an teampull(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máighread Ní Fhlaithbheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann