Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 096
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lanamhain ann aon úair amháin agus bhí trúir inghean acu agus bhí siad an saidhbhir. Nuair a bhí an inghean do b'óige tuairimis scór bliadhanta bhí an máthair tuairimis 65 bliadhain. Ag an máthair i gcomhnuidhe a bhíodh an t-airgead agus ní bhíodh aon airgead ag a fear.
Istigh i mála déanta de ór a bhíodh an t-airgead aice agus nuair a bhíodh sí ag tógáil aon airgead as ghabhfad sí isteach sa seomra agus ní leigfeadh sí do aon duine í a fheicéal. Annsin nuair a bhí sí tuairimis 70 bliadhain chuaidh sí amac ag siubhlóid an lá seo agus bhí an inghean do b'oige in-éinfeacht le dubhairt sí go raibh sí fághail lag, agus nach mairfeadh sí i bhfad agus go ngabhadh sí ar an leaba agus nach n-eireochadh níos mo. D'innis sí do'n cailín an la a mbeadh sí le bas a fhághail go mbeadh sí ag feadaghail agus dubhairt sí leis an inghean a dhul siar ins an seomra agus go n-inseochadh sí di an chaoi a mbeadh sí saidhbhir. Tuairimis trí mhí in-a dhiaidh sin d'airigh sí an mháthair ag feadaghail ins an seomra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Íosaph Ó Flaithbheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe