Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 056
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Éinne
- XML Leathanach 056
- XML “Don Mhaighdean Mhuire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A Mhaighdean Mhuire beannuighthe athas i mó anama tú. Drúcht neamhda chun mo thart do mhúchadh. Shruthán na ngrásta is tú, ag rith in-a dhúltai amach ó croidhe Dé isteach i mó croidhe duit-sé. Solus gléigeal tú i lár dorachadais m'anáma. Treoruidhe mo bhreitheamnais boicht thú. Neartuigh agus fuinneamh mo lagair tú. Léigheas mo cuid lot do lom-nochthuighthe tú. Is tú gan aimreas a ghníos sonas do mo cuid anró. Tusa iseadh lagduigheas(?) mó bhrón agus a scaoileas mo slabhraidhe. Is tú dóchas mo shlánuighthe, éist liom. Athcuinghim ort a Maigdean ró-dhilis, bíodh truagh agat dom, na dean neam-iongantas dom, éigím. Léigh dom cuid deor tú a boghadh Léigh dod' chroidhe truaighméalach féin tú a corruighe. Sgreadaim ort a Máthair Dé agus a gradhuigteoir an cine daonda. Éist liom peacaidh bocht suarach agus an rud atá agam athcuinge ort tabhair dom é, a Muire a Máthair.
- Bailitheoir
- Nuala Seóigeach
- Inscne
- Baineann