Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)

Suíomh:
Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Éinne
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is goire do'n mnaoí leath-sgéal ná a práisgín.
    Tosach sláinte codlad.
    Ceann mór na céille bige.
    Déirce do'n puncán lán.
    Ag cumilt bealaidh ar mhuin na muice meithe.
    Is geal leis an bfiach dubh a géarrach fhéin.
    Is deachair ceann críonna a cur ar ghuailnibh óga.
    Ritheann uisge doimhin go ciúin.
    Tosach ceatha ceo. Deireadh ceatha gleó.
    Snáithe fada an tailliúir fallsa.
    Gáire maith agus codladh fada an dá leigheas is feárr ag an doctúir.
    Fear do comhairle fear do fhuath.
    A sgéal féin sgéal gach duine.
    Is maith an tiomáiniac an té a bíos ar an gclaidhe.
    Is maith sugha bó beó nó marbh.
    Bíonn adharca fada ar bhó thar lear.
    An rud is goire do'n croidhe sé is goire do'n bhéal.
    Nuair is mó spóirt is cóir stad de.
    Sé an deis is truime is ísle a chromas a cheann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge