Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí tailliúr ann fadó agus bhí triúr mac aige. Ní raibh aige acht gabhar. Lá amháin chuir an t-athair an mac ba sine leis an ngabhar agus thug sé in-áit mhait í. Tráthnóna thug sé isteach í agus chuaidh an tailliúr amach agus d'fiafruigh sé de'n mac an raibh a dóthain iththe ag an ngabhar. Chuaidh an tailliúr amach agus d'fhiafruig sé de'n gabhar an rug an mac a dóthain le n-ith de. Dubhairt sí nach rug. Dubhairt an tailliúr leis imteacht agus a dul ag obair dhó fhéin.
Lá-na-mbaireach chuaidh an darna mac amach leis an ngabhar agus thug sé in-áit mhaith í agus bhí a dóthain le n-ithe aice. Tráthnóna thugh sé isteac í agus d'fhiafruig an tailliúr de'n an raibh a dóthain iththe aice. Dubhairt an gabhar nach raibh. Bhí olc ar an tailliúr agus dibirt sé an darna mac as an teach. Chuaidh an tréas mac amac leis an ngabhar an triomhadh lá agus dubhairt an tailliur leis an mac an gabhar a thabairt i n-áit mhaith. Nuair a bhí a dóthain iththe ag an ngabhar thugh sé isteach i stábla í agus tamall in-dhiaidh sin chuaidh an tailliúr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Colm de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Iaráirne, Co. na Gaillimhe