Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)

Suíomh:
Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Éinne
  2. XML Leathanach 089
  3. XML “Scéal - Iníon na Baintrí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    raibh sí i bhfad ag obair nó go raibh an snáithe casta aici. Annsin d'imthigh sí agus ba gheárr go dtáinig an cailín aníar as an seomra. Bhí an riogh agus an bhainríoghan go h-an bhuidheach dhí, agus mholadar go mór í agus bhíodar ag rádh nach raibh bean eile sa domhan go maith léithei.
    Nuair a tháinig mac an ríogh isteach thaithnigh sí chomh mór leis go dubhairt sé nach mbeadh aon bhean eile aige acht í.
    Cupla lá in-a dhiaidh seo tugadh go leór olna do'n cailín le spíonadh agus chuaidh sí isteach sa seomra aríst. Bhí an-bhrón uirthí an lá seo mar go raibh sí ag ceapadh nach mbeadh aon duine a congnamh dhí an lá seo. Acht ba gheárr go dtáinig bean isteach aicí a raibh brón mhór uirthí. Dúbhairt sí leitheí gan aon imnidhe a bheith uirthí acht glaodhach chuig a bainis uirthí. Geall an cailín go nglaodh agus í a bheith ag an mbainis lá ar bith a mbeadh sí ann.
    Tháinig an cailín amach as an seomra agus nuair a chonnaic mac an ríogh an obair dubhairt sé nach mbeadh níos mó ann agus chuir sé teachtairí amach ag glaodhach ar daoine chuig na bainise. Chuaidh teachtairí amach agus tháinig chuid mhaith daoine chuig an mbainis. Ní dheárna an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Teanga
    Gaeilge