School: Cill Éinne (roll number 12340)
- Location:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Sr. P. Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Éinne
- XML Page 073
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhí a turn damhsuighthe acu chuadhar suas cun an seomra aríst. Níor labhair aon duine focal i gcaitheamh na h-oidhche acht an oiread is dá mbéadh a mbéil fuaighthi. Nuair a bhí an duine deireannach acu sa seomra bhí an teach chomh beag is bhí sé ariamh.
Nuair a bhí chuile shórt thart chóirigh an tsean-bhean leabha dí féin agus do'n sean-fhear sa gclúid, agus réidtigh sí an clúid eile do'n bhean siubhal. Bhí sí tuirseach agus bhí sí ghá réidhteach féin le dul a codhladh nuair a labhair an tsean-fear, agus dubhairt sé léi sgéal a innseacht.
"Deamhan sgéal agam," adeir sí.
D'éirigh an shean-fhear rug sé ar gualainn uirthí is cáith sé amach, í féin agus a cuid éadaigh.
"Béidh sgéal agat go maidin," adhubhairt sé. Nuair a breathnuigh sí na timcheall ní raibh aon teach le féiceál aice na cosamhlacht ar bíth leis ach í ar cróchan sléibhe.
Thosuigh sí ag siubhal agus ní raibh fíos aicí cá raibh sí ag dul. Ní raibh sí i bhfad ag siubhal nó go bhfaca sí triúr fear ag tigheacht in-a h-aghaidh agus iad ag iomchar cónra ar a nguailne. Tháinigheadar go dtí an áit a raibh sí. Dubhairt fear acu léi a teacht agus a dul faoi an gcorp.(continues on next page)- Collector
- Nuala Seóigeach
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Ní Ghoill
- Gender
- Female
- Address
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe