Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)

Suíomh:
Cill Éinne, Co. Galway
Múinteoir:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 072

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 072

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Éinne
  2. XML Leathanach 072
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhí air. Mar sin féin d'ith sí doitin. Nuair a bhí an béile ithe acu d'éirigh an tsean-bhean agus reidhthigh sí suas an teach. Ní raibh an teach ní ba leithne nó go ráibh an bord i lár an urláir go rabhadar i-ndon a druim do bhualadh ar na ballaí ar gach aon taobh. Nuair a bhí an teach reidthighthe ag an tsean-bhean bhí sé comh mór le aon teach a chonnaic an bhean siubhail ariamh, agus bhí seomra ann.
    D'fhoscail an tsean-bhean doras an tseomra is tháinig píobaire anuas as, agus a chuid piobaí faoi'n easgail, agus a cathaoir sa láimh eile le suidhe uirthí. Tháinig fear is fiche anuas annsin agus a suidheachain fhéin i láimh ag chuile fear acu. Tháinig bhean is fiche anuas na ndhiaidh sin agus a suidheachain féin ag chuile bhean acu ar an mbealach chéadna. Thosuigh an píobaire an ceol, agus is aige a bhí an ceol ab'áilne a chuala sí ariamh. D'éirigh an tsean-bhean agus an tsean-fhear a bhí sa teach i dtosach agus nuair a bhí turn damhsa déanta acu d'íocadar an píobaire. Ní raibh fear na bean dá raibh sa teach nach d'ámhsaigh in-dhiaidh a chéile agus nuair a bhíodh a turn damhsuighthe acu d'íocfaidhe an píobaire. Rinne fear comhartha léi a d'iarraidh uirthí damhsa ach níor labhair sí focal ar bíth. D'éirigh sí agus damhsuigh sí leis.
    Nuair a bhíodar ag dul tart ins an damhsa rug an fear ar láimh uirthí agus chuir sé sé pingine isteach in-á glaic. Thugh sí an sé-pingine do'n phíobaire agus chrom sé a cheann ag glacadh buideachais léi.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nuala Seóigeach
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Ghoill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Éinne, Co. Galway